all.news11
Éire: nuacht · 21 Samhain 2026
- Cáin ar chomhlachtaí móra digiteacha á plé ag AE
Tá an tAontas Eorpach (AE) i ndiaidh beartais a chur chun cinn agus é i gceist aige cáin a ghearradh ar na comhlachtaí digiteacha is mó ar domhan ar mhaithe lena chéad bhuiséad eile a mhaoiniú.
- David McKittrick ar shlí na fírinne
Tá an t-iriseoir iomráiteach David McKittrick tar éis bháis.Bhí sé 77.
- Na mílte ag agóidíocht i mBÁC i bhfábhar an Ghlais Triaraigh
Tá na mílte i ndiaidh na sráideanna a thabhairt orthu féin i mBaile Átha Cliath tráthnóna lena míshástacht a léiriú faoi phleananna an Rialtais deireadh a chur leis an nGlas Triarach.
- Ochtar eile ar a laghad maraithe san Úcráin
Deir Uachtarán na hÚcráine Volodymr Zelensky gur tháinig a thír aréir faoi cheann de na sraith ionsaithe ba thréine ón Rúis ó thosaigh an cogadh seo beagnach 5 bliana ó shin.
- Scanadh MRI faoin gcóras poiblí ceilte ar othair 60+
Ní bheidh othair os cionn 60 bliain d'aois atá faoin gcóras sláinte poiblí in ann scanadh MRI a fháil níos mó i gcás fadhbanna glúine nó cromáin faoi scéim Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE).
- Beirt eile marbh ar na bóithre
Tá beirt básaithe i dtimpistí bóthair ó thráthnóna inné.Coisithe atá i gceist sa dá chás.
- Aighneas faoin mbreosla iontaise ag COP31
Tá an baol anois ann a deirtear nach dtiocfar ar aon chomhréiteach ag na cainteanna aeráide thall sa Tuirc.
- 'An Glas Triarach imithe faoi dheireadh 2026'-An tAire McEntee
Dúirt an tAire Cosanta Helen McEntee go bhfuil sí muiníneach go n-achtófar an reachtaíocht atá an Rialtas ag moladh ar an nGlas Triarach faoi dheireadh na bliana.
- Ní mór an chúis sóláis é nár sciobadh airgead ó chuntais chomhaltaí na gcomhar creidmheasa
D’aimsigh haiceálaithe laige eile sa chóras airgeadais breis agus mí ó shin – cén fáth nár foilsíodh an scéal ar an toirt?
- Ná bac AI, tá na scéalta i mbosca na seanghrianghraf
LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tobar nach dtránn é bosca na seanghrianghraf nuair a bhíonn tú ar thóir inspioráide, ach bí réidh le héirí maoithneach
- Tá curaidh an domhain agus iad ag teacht go Baile Átha Cliath agus iad spréachta
Caithfidh Éire greadadh agus tuilleadh gortuithe a sheachaint in aghaidh na hAfraice Theas